Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 7:12-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. Uime sin gach uile ní budh mían libh daoine do dhéunamh dhíbh, deúnaidhsi a leithéide dhóibhsean mar an gcéudna: oír a sé so an dligheadh agus na faighe.

13. Imthighidh a sdeach sa dorús chumhann: óir is farsing an dorus, agus is leathan an tslighe, thréoraigheas do chum damanta, agus is mór théid a sdeach thríthe:

14. Do bhrígh gur cumhann an doras, agus is caól an tslighe thréoraigheas chum na beatha, agus is beag do gheibh eólus uirrthe.

15. Coimhéadaigh sibh féin ar na fáigheannaibh fallsa, thig chugaibh a gculaidhibh caórach, agus a tá leith a sdigh na madruidh állta fhúaduigheachda.

16. Air a ttórrthaibh aitheóntaoi íad. An gcrunnighid daóine caóra fíneamhna do dhriseach, no fígighe do na fothannanaibh?

17. Is mar sin do bheir gach uile chrann maith tórrtha maithe; achd do bheir an drochchrann drochthórrtha.

18. Ní héidir leis an gcrann maith drochthórrtha diomchar, na leis an gcrann gcrion tórrtha maithe do thabhairt.

19. Gach uile chrann nach iomchrann toradh maith gearrthar é, agus téilgthear san teinidh é.

20. Ar a nadhbharsin is air ttórthaibh aitheontaói íad.

21. Ní é gach uile neach a deir riomsa, A Thighearna, A Thighearna, rachas a sdeach sa rióghachd neamhdha; achd an té do ní toil Mhatharsa atá áir neamh.

22. As iomdha daóine a deuraidh ríum annsa la úd, A Thighearna, a Thighearna, a né nach ad ainmsi do rinneamar fáigheadóireachd? agus ad ainmsi do theilgeamar a mach na deamhain? agus do rinneamar iomad míorbhuileadh?

23. Achd cheana aidmheóchuidh misi ós aird dhóibh an tansin, Níor aithin mé a riamh sibh: imthighidh uáim, a luch déunta na heugcóra.

24. Ar a nadhbharsin gach uile neach do chluinn na bríathrasa agamsa, agus do ní íad, saimhléochaidh mé lé duine glic é, neach do rinne a thigh air chárraig:

25. Agus do thúirling an fhearthainn, agus tangadar na tuilte, agus do shéideadar na gaótha, agus do bhúaileadar ar an ttigh úd; agus níor thúit sé: óir do bhí a fhuinniméd air charraig.

26. Agus gach uile neach do chlúin mo bhríathrasa, agus nach ccoimhlíonann íad, saimhléochthar é lé duine leamh, neach do thógaibh a thigh air ghaineamh.

27. Agus do thuirling an fhearthainn, agus tangadar na tuilte, agus do shéideadar na gaótha, agus do bhuáileadar air an ttigh úd; agus do thuit sé: agus bá mór a thuitim.

28. Agus tárla, an tan do chríochnaigh Iósa na bríathrasa, gur ghabh úathbhas an pubal tré na theagasgsan:

29. Oír do thegaisg sé íad mar neach agá raibh cumhachda, agus ní mar na sgríobuighe.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 7