Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 7:1-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Na beiridh breath, do chum nach mbéarthaói breath oraibh.

2. Oír is do réir na breithe bheirthí, bheúrhar breath oruibh: Agus is leis an miosúr thomhaistí, toimheósfuidhthear dháoibh a rís.

3. Achd oréd fá a bhfaiceann tú an broth atá a súil do dhearbhráthar, agus nach ccuireann tú á numhail an tsail atá ann do shúil féin?

4. No cionnas a deúra tú réd dhearbhráthair, Fulang dhamh an broth do bhúain as do shúil; agus, féuch, an tsail ann do shúil féin?

5. A fhir an fhúarchrábhaidh, bean an tsail ar tús as do shúil féin; agus an sin budh léir dhuit an broth do bháin as súil do dhearbhrathar.

6. Na tabhraidh an ní naómhtha do mhadruighibh, agus na teilgidh bhur gclocha úaisle a bhfíadhnuisi na muc, air eagla go sailteóraidis orrtha lé na gcosuibh, agus ar bhfilleadh dhóibh go dtarroingaidís sibh féin as a chéile.

7. Iarruigh, agus do bhéurthar dhaóibh; lorgairídh, agus do gheabhtháoi; búalidh an dorus, agus oisgéoltar dháoibh:

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 7