21. Oír goidh bé ball iona bfuil bhur nionnihas, is ann sin bhiás bhur gcroidhe mar an gcéadna.
22. Sí an tsúil solas an chuirp: uime sin ma bhíonn do shúil glan, biáidh do chorp uile soillseach.
23. Achd dá raibh do shúil go holc, biaidh do chorp uile dorcha. Air a nadhbharsin ma atá an solus atá ionnad na dhorchadus, créud é méud an dorchaduis sin!
24. Ní héidir lé neach air bith seirbhis do dhéunamh do dha thighearna: óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile; nó ceangallfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fhear. Ní héidir libh seirbhis do dhéunamh do Dhía agus do mhammon.
25. Ar a nadhbharsin a deirimsi ribh, Na bidhidh lán do chúram a ttimcheall bhur mbeatha, créud íosdáoi, nó iobhtháoi; na a ttimcheall bhur gcuirp, creúd chuirfi umaibh. A né nach mó an tanam na an bíadh, agus an corp ná an téudach?