16. Agus an tan do nithi trosgadh, na bidhidh grúama, mar luchd an fhúarchrabháidh: óir dorchuidhid siád a naighthe, do chum go madh follus dona dáoinibh iád do throsgadh. A deirimsi ribh go fírrineach, Go bhfuil a ttúarasdal aca.
17. Ach cheana, an tan do dheana tusa trosgadh, cuir ola ar do cheann, agus ionnail haghaidh;
18. Do chum nach budh follas dona dáoinibh go ndéanann tú trosgadh, achd dod Athair atá a bhfolach: agus do bhéuraidh Hathair, do chí a bhfolach, lúaidheachd dhuit ós aírd.
19. Na cruinnighidh ionnmhas ar an ttalamh, mar a ttrúaillean an léoghan agus an mheirg é, agus mar a ttochlaid agus mar a ngoidid na biothamhnuigh:
20. Achd cruinnighidh ionnmhas dháoibh féin air neamh, ós ann nach dtruáilleann an míoll críon ná an mheirg, agus nach tochlaid agus nach goidid na gaduidhthe:
21. Oír goidh bé ball iona bfuil bhur nionnihas, is ann sin bhiás bhur gcroidhe mar an gcéadna.
22. Sí an tsúil solas an chuirp: uime sin ma bhíonn do shúil glan, biáidh do chorp uile soillseach.
23. Achd dá raibh do shúil go holc, biaidh do chorp uile dorcha. Air a nadhbharsin ma atá an solus atá ionnad na dhorchadus, créud é méud an dorchaduis sin!
24. Ní héidir lé neach air bith seirbhis do dhéunamh do dha thighearna: óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile; nó ceangallfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fhear. Ní héidir libh seirbhis do dhéunamh do Dhía agus do mhammon.
25. Ar a nadhbharsin a deirimsi ribh, Na bidhidh lán do chúram a ttimcheall bhur mbeatha, créud íosdáoi, nó iobhtháoi; na a ttimcheall bhur gcuirp, creúd chuirfi umaibh. A né nach mó an tanam na an bíadh, agus an corp ná an téudach?
26. Féachaigh ar éunlaith a naiéir: oír ni chuirid siól, agus ní bheanuid siád, agus ní chruinnighid said ann an sgíobólaibh; gidheadh beathaighidh bhur Nathair neamhdhasa iád. A né nach fear sibhsi go mór na iádsan?
27. Agus cía agaibh lé na iomad curium fhéadas áonbhannlamh do chur lé na aírde féin?
28. Agus créud fa a bhfuiltí rochúramach a ttimcheall bhur gculadh? Foghlomaidh cionnas fhásaid lilighe an mhachaire; ní dhéunaid said saóthar, agus ní shníomhaid said:
29. Gidheadh a deirimsi ribh, Nach raibh Solomh féin gon a uile ghlóir ar na eúdughadh mar aón díobh so.
30. Agus, ma eúduigheann Día mar sin luibh an mhachaire, áta a niugh ann, agus a márach ar na theilgein sa núamhain, a né nach mó na sin sibhsi, a dhaóine beigchreidmheacha?
31. Uime sin na bídhidh lán do chúram, ag rádh, Créd iósam? no, Créd iobhom? no, Créd chuirfeam umainn?
32. (Oír a siád so uile iárruid na Cinidheacha:) óir áta a fhios ag bhur Nathair neamhdha go bhfuil a ríachdanas so uile oraibh.