Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 6:1-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Tarbhraidh bhur naire nach deúntáoi bhur ndeirc á bhfiadhnuisi dáoine, do chum go bhfaicfidís sibh: nó ní bhfuighthí lúaidheachd ó bhur Nathair atá air neamh.

2. Ar a nadhbharsin a núair do ní tú déirc, mar do ní luchd an fhúarchrábhaigh ann sna sionagógaibh agus ann sna sraideannaibh, do chum go bhfuighidís glóir ó dhaóinibh. Go firinneach a deirimsi ribh, Go bhfuil a dtúarasdal aca.

3. Achd an tan do ní túsa deírc, na biodh a fhios aigad laímh chli creúd do ní do lámh dheas:

4. Do chum go mbiadh do dhéirc a bhfolach: agus do bhéaruidh Hathair do chí a bhfolac luaidheáchd dhuit ós áird.

5. Agus an tan do ní tú urnuighe, na bi mar luchd an fhúarchrábbaigh: óir is ionmhain léo urnuighthe dheúnamh sna sionagógaibh agus a gcomhrac na ród na seasamh, do chum go bhfaicfidis na dáoine iád. Go deimhin a deirimsi ribh, Go bhfuil a dtúarusdal aca.

6. Achd cheana, an tan do ni tusa urnuighe, imthigh a sdeach aun do sheómra, agus ar dhunadh do dhoruis duit, guidh Hathair féin ata a bhfolach; agus do bhéaraidh Hathair do chí a bhfolach luáigheachd ós áird duit.

7. Achd cheana ag déunamh urnuighe dháoibh, na bithi rochainnteach, mar na cineadhacha: óir saoílidh said go neisdfidhthear riu anna a niomad bríathar.

8. Uime sin na samhlaighthear sibh riu: oír atá a fhios ag bhur Nathair fein cía híad na neither atá duireasbhaigh oruibh ní is tásoga na iárfuighthí air iád.

9. Air a nadhbharsin déanaidhsi bhur nurnúighe mar so. Ar Nathaír atá ar neamh, Náomthar hainm.

10. Tigheadh do ríoghachd. Deúntar do thoil ar an ttalamh, mar do nithear ar neamh.

11. Ar narán laéthamhail tabhair dhúinn a niu.

12. Agus maith dhuinn ar bhfíacha, mar mhaithmídne dar bhréitheamhnuibh féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 6