Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 4:21-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Agus ar nimtheachd as sin dó, do chunnairc sé días eile dearbhrathar, Seúmas mhac Sébedé, agus Eóin a dhearbhráthair, a mbad a bhfochair Shebedé a nathar, ag córughadh a lióntadh; agus do ghoir sé iád.

22. Agus ar bhfagbháil an bhaíd agus a nathar dhóibhsean, do leanadar é.

23. Agus do ghabh Iósa a dtimcheall na Galilé uile, ag teagasg ann a sionagóguibh, agus ag seanmóir shoisgéil na rioghachda, agus ag slánúghadh gach tinnis agus gach éagcrúais a measg an phubail.

24. Agus do chúaidh a chlú feadh na Síria uile: agus tugadar chuige gach áon da raibh easlán agus ar na gcuibhreadh lé gálruighthubh agus le piántúibh éugsamhla, agus agá mbidis deamhain ionnta, agus do bhíodh tinn lé goin na raé, agus luchd pailirise; agus do shlánuigh sé iád.

25. Agus do lean cuideachda mhór é ón Ghaililé, agus ó Dhecapólis, agus ó Ierusalám, agus ó Iudéa, agus ó táobh thall do Iórdán.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 4