Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 4:16-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. An pubal do bhí no shuidhe a ndorchadas do chunnairc sé soillse mhór; agus atá solus ar neirghe do na dáoinibh atá na suidhe a gcrich agus a sgáile an bháis.

17. O sin a mach do thionnsgain Iósa seanmóir do dhéanamh ag rádh, Déanuidh aithrighe: oír dhruid an rioghachd neamhdha ribh.

18. Agus a siobhal Diósa, ré táobh fhiarge na Gaililé, do chunnairc sé dias dearbhrathar, Símon da ngoirthear Peadar, agus Aindrías a dhearbhrathair, ag teilgean lín san bhfairge: óir dob íasgairighe iád.

19. Agus a deir sé ríu, Leanaigh misi, agus do dhéana mé íasgairighe air dháoinibh dhibh.

20. Agus ar bhfagbhaíl a liontadh air ball dóibh, do leanadar eísean.

21. Agus ar nimtheachd as sin dó, do chunnairc sé días eile dearbhrathar, Seúmas mhac Sébedé, agus Eóin a dhearbhráthair, a mbad a bhfochair Shebedé a nathar, ag córughadh a lióntadh; agus do ghoir sé iád.

22. Agus ar bhfagbháil an bhaíd agus a nathar dhóibhsean, do leanadar é.

23. Agus do ghabh Iósa a dtimcheall na Galilé uile, ag teagasg ann a sionagóguibh, agus ag seanmóir shoisgéil na rioghachda, agus ag slánúghadh gach tinnis agus gach éagcrúais a measg an phubail.

24. Agus do chúaidh a chlú feadh na Síria uile: agus tugadar chuige gach áon da raibh easlán agus ar na gcuibhreadh lé gálruighthubh agus le piántúibh éugsamhla, agus agá mbidis deamhain ionnta, agus do bhíodh tinn lé goin na raé, agus luchd pailirise; agus do shlánuigh sé iád.

25. Agus do lean cuideachda mhór é ón Ghaililé, agus ó Dhecapólis, agus ó Ierusalám, agus ó Iudéa, agus ó táobh thall do Iórdán.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 4