Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 3:8-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Ar a nadhbharsin tabhruigh toradh bhus iomchubhuigh do naithrighe:

9. Agus na smúainidh a rádh ionnaibh féin, Atá Abraham na athair aguin: óir a deirim ribh, gurab éidir lé Día clan dhéanamh Dabrahám do na clochuibhsi.

10. Agus a nois atá an túagh ar na cur do chum fréimhe na gcrann: air a nadhbharsin giodh bé crann nach iomchrann toradh maith gearrthar é, agus teilgthear san teinidh é.

11. Go deimhin baisdimsi sibh lé huisge do chum aithrighe: achd cheana an té thig am dhíaigh is láidire é ná me, agus ni fíu misi a bhróga diomchur: baisdfe seisean leis an Spioraid Náomh, agus lé teinigh sibh:

12. Agá bhfuil a críathar ann a láimh, agus glanfuigh sé urlár a bhúailte, agus cruinneochuigh sé an chruithneachd an ait thaisgidhe; agus loisgfidh sé an cháidh lé teinigh nach éidir do mhúchadh.

13. Taínic Iósa an tansin on Ngalilé go Iordán do chum Eóin, íonnas go mbaisdfeadh sé é.

14. Achd cheana do thoirmeisg Eóin é, ag rádh, Atá a ríachdanus oramsa thusa dóm bhaisdeadh, agus an bhfuil tusa ag teachd chugamsa?

15. Agus do fhreagair Iósa é agus a dubhairt se ris. Léig dhó a nóis: óir is mar so íomchubhaigh dhúinn gach uile cheart do choimhlíonadh. Do fhulaing sé dhó an tansin.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 3