Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 3:6-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Agus do ghabhadar baisdeadh úadha ann Iordán, ag admháil a bpeacadh.

7. Agus an tan do chunnairc sé mórán do Pháirisíneachaibh agus do na Sadúiseachaibh ag teachd do chum a bhaisdigh féin, a dúbhairt sé ríu, A shíol na naithreach neimhe, cía do fhoillsigh dháoibh teitheamh ón fheirg atá ag teachd?

8. Ar a nadhbharsin tabhruigh toradh bhus iomchubhuigh do naithrighe:

9. Agus na smúainidh a rádh ionnaibh féin, Atá Abraham na athair aguin: óir a deirim ribh, gurab éidir lé Día clan dhéanamh Dabrahám do na clochuibhsi.

10. Agus a nois atá an túagh ar na cur do chum fréimhe na gcrann: air a nadhbharsin giodh bé crann nach iomchrann toradh maith gearrthar é, agus teilgthear san teinidh é.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 3