1. Ann sna laithibh sin do bhí Eoin Baisde, ag déanamh seannmóra a bhfásach thíre Iúdaighe,
2. Agus a rádh, Déanuidh aithríghe: óir do dhruid ríoghachd De ribh.
3. Oír a sé so an té úd air ar labhair Isaias faígh, ag radh, Guth an té éimhgheas air an bhfasach, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, déanuidh a chasain díreach.
4. Agus a sí culuígh do bhí uime Eóin éadach do rúaidhneach chámhall, agus crios leathair a ttimcheall a leasruigh: agus a sé do budh bíadh dhó lócuiste agus mil fhiáin.
5. Do chúaidh Ierusaléim a mach chuige an tansin, agus Iudéa uile, agus luchd na tálmhan atá a ttimcheall Iordan uile,
6. Agus do ghabhadar baisdeadh úadha ann Iordán, ag admháil a bpeacadh.
7. Agus an tan do chunnairc sé mórán do Pháirisíneachaibh agus do na Sadúiseachaibh ag teachd do chum a bhaisdigh féin, a dúbhairt sé ríu, A shíol na naithreach neimhe, cía do fhoillsigh dháoibh teitheamh ón fheirg atá ag teachd?
8. Ar a nadhbharsin tabhruigh toradh bhus iomchubhuigh do naithrighe:
9. Agus na smúainidh a rádh ionnaibh féin, Atá Abraham na athair aguin: óir a deirim ribh, gurab éidir lé Día clan dhéanamh Dabrahám do na clochuibhsi.
10. Agus a nois atá an túagh ar na cur do chum fréimhe na gcrann: air a nadhbharsin giodh bé crann nach iomchrann toradh maith gearrthar é, agus teilgthear san teinidh é.
11. Go deimhin baisdimsi sibh lé huisge do chum aithrighe: achd cheana an té thig am dhíaigh is láidire é ná me, agus ni fíu misi a bhróga diomchur: baisdfe seisean leis an Spioraid Náomh, agus lé teinigh sibh:
12. Agá bhfuil a críathar ann a láimh, agus glanfuigh sé urlár a bhúailte, agus cruinneochuigh sé an chruithneachd an ait thaisgidhe; agus loisgfidh sé an cháidh lé teinigh nach éidir do mhúchadh.
13. Taínic Iósa an tansin on Ngalilé go Iordán do chum Eóin, íonnas go mbaisdfeadh sé é.