Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 28:8-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Agus ar nimtheachd ón túama go deithneasach dhóibh maille ré heagla agus ré gáirdeachus mór; do riothadar dá fhoillsiughadh sin dá dheisciobluibhsion.

9. Agus an tan do imthigheadar do chum go bhfoillséochadis sin dá dheisciobluibhsion, féuch, tárla Iósa orrthá, ag rádh, Día bhur bheathadh dháoibh. Achd tangadarsan, agus rugadar ar a chosaibhsion, agus do onóruigheadar é.

10. A deir Iósa an tansin ríu, Ná bíodh eagla oruibh, imthighidh beiridh sgéula chum mo dhearbhraithreach do chum go rachaidís don Ghalilé, agus do chífid misi ann sin.

11. Agus ar nimtheachd dóibhsean, féuch, tangadar cuid don luchd faire don chathair, agus do innisidear dúachdaránuibh na sagart gach uile ní dá ndearnadhann.

12. Agus do chruinnigheadar a gceann a chéile maille ris na sinnsioruibh, agus ar ndéanamh comhairle dhóibh, tugadar mórán airgid do na saighdiúiribh.

13. Ag rádh, Abruidh, Tangadar a dheisciobuil annsa noidhche, agus do ghoideadar é an feadh do bhámuirne ar gcodladh.

14. Agus má chluin an túachdarán an ní so, do bhéaruimne fa deara dhó, nach bía gúasachd ar bith oruibhsi.

15. Agus ar nghabháil an airgid dóibhsion, do rinneadar mar do múineadh dhoibh: agus aithrisdior an glorsa a measg na Níuduigheadh go soithe an lá a niugh.

16. Achd do imthigheadar an táoindeisciobail dég don Ghalilé chum sléibhe mar ar órduigh Iósa dhóibh.

17. Agus an tan do chonncadar é, do onóruigheadar é: achd do bhi amharus ag cuid dióbh air.

18. Agus ar dteachd Diosa do labhair sé ríu, ag rádh, Thugadh dhamsa gach uile chumhachda ar a neamh agus ar talamh.

19. Ar a nadhbharsin imthighidhsi, teaguisgidh na huile chineadhacham da mbaisdeadh a nainm a Nathar, agus an Mhic, agus an Spiorad Náoimh:

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 28