Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 28:4-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Agus do chriothnuigheadar an luchd coimhéada ar a eaglasan, agus do bhádar a riochd mhairbh.

5. Achd ar bhfreagra do naingeal a dubhairt sé ris na mnáibh, Ná bíodh eagla oruibhsi: óir atá a fhios agam, gur ab é Iósa do crochadh a tátháoi díarruigh.

6. Ní bhfuil sé ann so: óir do eirigh sé, mar a dubhairt sé, Tigidh, féachaidh a náit an a raibh an Tighearna na luighe.

7. Agus ar nimtheachd dáoibh go lúath, innsidh dá dheisciobluibh gur éirigh sé ó mharbhuibh; agus, féuch, atá sé ag dul romhuibh don Ghalilé; do chífidhe ann sin e: féuch, a dubhairt misi ribh é.

8. Agus ar nimtheachd ón túama go deithneasach dhóibh maille ré heagla agus ré gáirdeachus mór; do riothadar dá fhoillsiughadh sin dá dheisciobluibhsion.

9. Agus an tan do imthigheadar do chum go bhfoillséochadis sin dá dheisciobluibhsion, féuch, tárla Iósa orrthá, ag rádh, Día bhur bheathadh dháoibh. Achd tangadarsan, agus rugadar ar a chosaibhsion, agus do onóruigheadar é.

10. A deir Iósa an tansin ríu, Ná bíodh eagla oruibh, imthighidh beiridh sgéula chum mo dhearbhraithreach do chum go rachaidís don Ghalilé, agus do chífid misi ann sin.

11. Agus ar nimtheachd dóibhsean, féuch, tangadar cuid don luchd faire don chathair, agus do innisidear dúachdaránuibh na sagart gach uile ní dá ndearnadhann.

12. Agus do chruinnigheadar a gceann a chéile maille ris na sinnsioruibh, agus ar ndéanamh comhairle dhóibh, tugadar mórán airgid do na saighdiúiribh.

13. Ag rádh, Abruidh, Tangadar a dheisciobuil annsa noidhche, agus do ghoideadar é an feadh do bhámuirne ar gcodladh.

14. Agus má chluin an túachdarán an ní so, do bhéaruimne fa deara dhó, nach bía gúasachd ar bith oruibhsi.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 28