Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 27:55-65 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

55. Agus do bhadar ann sin móran ban ag féachain air a bhfad úadh, no lean Iósa ón Ghalile, ag déanamh seirbhise dhó.

56. Eidir a raibh Muire Mágdalén, agus Muire mathair Sheamuis, agus Iosé, agus mathair chloinne Sebedeí.

57. Achd an tan do bhí deireadh an láoi ann, táinic duine saidhbhir ó Arimatéa, dár bhainm Ióseph, do bhí fós na dheisciobal ag Iósa:

58. Agus do chúaidh sé dionsuighe Phiolaid, agus díarr sé corp Iósa. Ann sin a dubhairt Pioláid an corp do thabhairt do.

59. Agus an tan fúair Ióseph an corp, do fhill sé línéudach glan na thimcheall,

60. Agus do chuir sé an a thuáma nuá féin é, noch do thochuil sé a gcarruig: agus ar niompodh leice moiré dhó air dhoruis an túama, do imthigh sé roimhe.

61. Agus do bhí Muire Mhagdalén, agus an Muire eile ann sin na suidhe as comhair an túama.

62. Agus an lá andíaigh a nullmhuighthe, do chruinnigheadar úachdaráin na sagart agus na Phairisínigh go Píoláid,

63. Ag rádh, A thighearna, is cuimhain linn an tan do bhí an mealltóir úd béo, go ndubhairt sé, Eireóchuidh mé tair éis thrí lá.

64. Ar a nadhbharsin aithin coimhéad do chur ar an ttúama go ceann an treas lá, ar eagla go dtiucfaidis a dheisciobail annsa noidhche, agus go ngoidfidis é, agus gi naibéoradís ris an bpobal, Do éirigh sé ó mharbhuibh: agus bíaidh an seachrán dheigheanach ni is measa ná an chéud seachrán.

65. A dubhairt Pioláit ríu, Atá faire agaibhsi: imthighidh, daingnighidh mar is éol dáoibh féin é.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 27