Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 27:37-47 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

37. Agus do chuireadar a choir bháis sgríobhtha ós a chionn, IS E SO IOSA RI NA NIUDAIGHEADH.

38. Do crochadh días gaduidhe maille ris an tan sin, fear ar a dheis, agus fear ar láimh chlí.

39. Agus an mhuinntir do ghabhadh tháiris do imdheargaidís é, ag crothadh a gceann.

40. Agus ag radh, Thusa lagus an teampoll, agus chuirios súas a dtri lá é, fóir ort féin. Mas tú Mac Dé tárr a núas as an gcroich.

41. Agus mar an gcéadna a dubhradar úachdaráin na sagart, maille ris na sgríobuidhibh agus ris na sinnsearuibh, ag fonámhad fáoi,

42. Do fhóir sé ar dháoinibh eile; agus ní heidir leis é féin dfhóirighin. Más é Rí Israél, tigeadh sé a núas a nois as an gcroich, agus creidfiomáoidne dhó.

43. Do bhí a dhóchus a Ndía; sáoradh sé é a nois, mas áill leis é: óir a dubhairt sé, Is misi Mac Dé.

44. Agus tugadar na gaduighthe, do chrochadh maráon ris, an scannail chéadna dhó.

45. Agus do bhí dorchadas ar an dtalamh uile ón seiseadh húair go sóithe an náomhadh húair.

46. Agus timcheall an náomhadh húair do éigh Iósa do ghuth ard, ag rádh, Elí, Elí, lama Sabactáni? sé sin re rádh, Mo Dhía, mo Dhiá, créd far thréig tú mé?

47. Agus ar na chloisdin sin a dubhradar cuid dá raibh na seasamh a láthair an sin, Atá an fearso ag gairm Elías

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 27