Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 27:32-45 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

32. Agus ar ndul a mach dhóibh, fúaradar óglach ó Shírene, dar bhaimn Símón: agus do chuireadar dfíachuibh air dul leis do chum a chroiche diomchar.

33. Agus an tan tangadar gus an ionad dar ab ainm Golgótá, (is ionnan sin ré rádh, agus áit na cloigne,)

34. Tugadar bhíneigre agus domblas tri na chéile ré nól dhó: agus an tan do bhláis sé é, níor bháill leis a ól.

35. Agus a ndiáigh a chrochda dhóibh, do roinneadar a éaduighe, ag cur cranchuir orrtha: ionnas go gcomhlíonfuidhe an ní a dubhradh ón fháidh, Do roinneadar méaduighe dhóibh féin, agus do chuireadar crannchar ar mo chúluidh.

36. Agus ar suidhe dhóibh, do choimhéad siad é ann sin;

37. Agus do chuireadar a choir bháis sgríobhtha ós a chionn, IS E SO IOSA RI NA NIUDAIGHEADH.

38. Do crochadh días gaduidhe maille ris an tan sin, fear ar a dheis, agus fear ar láimh chlí.

39. Agus an mhuinntir do ghabhadh tháiris do imdheargaidís é, ag crothadh a gceann.

40. Agus ag radh, Thusa lagus an teampoll, agus chuirios súas a dtri lá é, fóir ort féin. Mas tú Mac Dé tárr a núas as an gcroich.

41. Agus mar an gcéadna a dubhradar úachdaráin na sagart, maille ris na sgríobuidhibh agus ris na sinnsearuibh, ag fonámhad fáoi,

42. Do fhóir sé ar dháoinibh eile; agus ní heidir leis é féin dfhóirighin. Más é Rí Israél, tigeadh sé a núas a nois as an gcroich, agus creidfiomáoidne dhó.

43. Do bhí a dhóchus a Ndía; sáoradh sé é a nois, mas áill leis é: óir a dubhairt sé, Is misi Mac Dé.

44. Agus tugadar na gaduighthe, do chrochadh maráon ris, an scannail chéadna dhó.

45. Agus do bhí dorchadas ar an dtalamh uile ón seiseadh húair go sóithe an náomhadh húair.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 27