Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 27:25-38 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

25. Agus ar bhfreagra don phobak uile, a dubhradar, Biodh a fhuil oruinne, agus air ar gcloinn.

26. Do léig sé chuca an tan sin Barabbás: agus ar sgiúrsadh Iósa, tug sé chum a crochda é.

27. Ann sin rugadar saighdiúirí an úachdaráin Iósa léo don hall choitchionn, agus do chruinnigheadar an chuideachda shaighdíur uile na thimcheall.

28. Agus do nochdadar é, agus do chuireadar brat córcra uime.

29. Agus do fhígheadar coroíu spine, agus do chuireadar fá na cheann í, agus slat ghiolcuigh an a láimh dheis: agus do léigeadar ar a nglúinibh na fhiadhnuisi íad, agus do rinneadar fónamhad fáoi, ag rádh, Dia do bheatha, a rí na Niudaigheadh!

30. Agus an tan do ghabhadar do sheilighibh air, do ghlacadar an tslat ghiolcuigh, agus do bhúaileadar an a cheann é.

31. Agus an tan do rinneadar fonámhad fáoi, do bheanadar an róba dhe, agus do chuireadar a éuduighe féin uime, agus rugadar a mach é chum a chrochda.

32. Agus ar ndul a mach dhóibh, fúaradar óglach ó Shírene, dar bhaimn Símón: agus do chuireadar dfíachuibh air dul leis do chum a chroiche diomchar.

33. Agus an tan tangadar gus an ionad dar ab ainm Golgótá, (is ionnan sin ré rádh, agus áit na cloigne,)

34. Tugadar bhíneigre agus domblas tri na chéile ré nól dhó: agus an tan do bhláis sé é, níor bháill leis a ól.

35. Agus a ndiáigh a chrochda dhóibh, do roinneadar a éaduighe, ag cur cranchuir orrtha: ionnas go gcomhlíonfuidhe an ní a dubhradh ón fháidh, Do roinneadar méaduighe dhóibh féin, agus do chuireadar crannchar ar mo chúluidh.

36. Agus ar suidhe dhóibh, do choimhéad siad é ann sin;

37. Agus do chuireadar a choir bháis sgríobhtha ós a chionn, IS E SO IOSA RI NA NIUDAIGHEADH.

38. Do crochadh días gaduidhe maille ris an tan sin, fear ar a dheis, agus fear ar láimh chlí.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 27