Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 27:24-41 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

24. Agus ar bhfaicsin do Phióláid nach raibh tarbha dhó an én ní, achd gur mó an bhuáirt tháinic dhe, ar ngabháil uisge chuige, do ionnail sé a lámha a bhfíadhnuisi an phobail, ag rádh, A táimsi neimhchiontach ó fhuil an fhiréanuigh so: féuchuidhsi dhibh féin.

25. Agus ar bhfreagra don phobak uile, a dubhradar, Biodh a fhuil oruinne, agus air ar gcloinn.

26. Do léig sé chuca an tan sin Barabbás: agus ar sgiúrsadh Iósa, tug sé chum a crochda é.

27. Ann sin rugadar saighdiúirí an úachdaráin Iósa léo don hall choitchionn, agus do chruinnigheadar an chuideachda shaighdíur uile na thimcheall.

28. Agus do nochdadar é, agus do chuireadar brat córcra uime.

29. Agus do fhígheadar coroíu spine, agus do chuireadar fá na cheann í, agus slat ghiolcuigh an a láimh dheis: agus do léigeadar ar a nglúinibh na fhiadhnuisi íad, agus do rinneadar fónamhad fáoi, ag rádh, Dia do bheatha, a rí na Niudaigheadh!

30. Agus an tan do ghabhadar do sheilighibh air, do ghlacadar an tslat ghiolcuigh, agus do bhúaileadar an a cheann é.

31. Agus an tan do rinneadar fonámhad fáoi, do bheanadar an róba dhe, agus do chuireadar a éuduighe féin uime, agus rugadar a mach é chum a chrochda.

32. Agus ar ndul a mach dhóibh, fúaradar óglach ó Shírene, dar bhaimn Símón: agus do chuireadar dfíachuibh air dul leis do chum a chroiche diomchar.

33. Agus an tan tangadar gus an ionad dar ab ainm Golgótá, (is ionnan sin ré rádh, agus áit na cloigne,)

34. Tugadar bhíneigre agus domblas tri na chéile ré nól dhó: agus an tan do bhláis sé é, níor bháill leis a ól.

35. Agus a ndiáigh a chrochda dhóibh, do roinneadar a éaduighe, ag cur cranchuir orrtha: ionnas go gcomhlíonfuidhe an ní a dubhradh ón fháidh, Do roinneadar méaduighe dhóibh féin, agus do chuireadar crannchar ar mo chúluidh.

36. Agus ar suidhe dhóibh, do choimhéad siad é ann sin;

37. Agus do chuireadar a choir bháis sgríobhtha ós a chionn, IS E SO IOSA RI NA NIUDAIGHEADH.

38. Do crochadh días gaduidhe maille ris an tan sin, fear ar a dheis, agus fear ar láimh chlí.

39. Agus an mhuinntir do ghabhadh tháiris do imdheargaidís é, ag crothadh a gceann.

40. Agus ag radh, Thusa lagus an teampoll, agus chuirios súas a dtri lá é, fóir ort féin. Mas tú Mac Dé tárr a núas as an gcroich.

41. Agus mar an gcéadna a dubhradar úachdaráin na sagart, maille ris na sgríobuidhibh agus ris na sinnsearuibh, ag fonámhad fáoi,

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 27