63. Gidheadh níor labhair Iósa áonfhocal. Agus do fhreagair an tárdshagart agus a dubhairt sé ris, Cuirim ort a huchd Dé bhí, innisin dúinn an tú Críosd, Mac Dé.
64. A deir Iosa ris, A dubhairt tusa é: achd cheana a deirimsi ribh, Na dhiaigh so do chifidhe Mac an duine na shuidhe ar deas láimh chumhachd Dé, agus ag teachd a néullibh neimhe.
65. Ann sin do réub an tárdshagart a éaduighe, ag rádh, Gur labhair sé blaisphéime; créd í a nuireasbhuidh fiadhnuisi a tá oruinn ní sa mo? féuch, do chúalabhair a nois a bhlaisphéime.
66. Créd do cíthear dháoibhsi? Agus ar bhfreagra dhóibhsean a dubhradar, Do thuill sé bás.
67. Ann sin do ghabhadar do sheilidhibh an a éadan, agus do ghabhadar dream eile do shlataibh air,
68. Ag rádh, Deuna faidheadoíreachd dhúinn, a Chríosd, Cía bhúail thú?
69. Agus do bhí Peadar na shuidhe a muigh ann sa halla: agus táinic cailin aíridhe chuige, ag rádh, Do bhí tusa leis a bhfochair Iósa an Galiléach.
70. Achd do shéan seisean a bhfíadhnuisi cháich uile, ag rádh, Ní fheidir mé créd a deir tú.
71. Agus ar ndul a mach dhó ann sa phóirsi, do chonnairc cailín eile é, agus a dubhairt sí rís an luchd do bhí a lathair, Do bhí an fearsa leis a bhfochair Iósa Násardha.
72. Agus do shéan sé a rís maille ré mionnaibh, Ní haithne dhamh an duinesin.
73. Agus tamall na dhíaigh sin tangadar an dream do bhí na seasamh a láthair, agus a dubhradar ré Peadar, Go fírinneach is díobh súd féin thusa; óir a tá do chamnt féin dod bhrath.
74. Ann sin do thionnsgain sé bheith ag mallughadh agus ag mionnughadh, Ní haithne dhamh an duine. Agus ar an mball do ghláoidh an coileach.