6. Agus ann sa mheadhón oidhche, do rinneadh gáir, Féuch, a tá an fear núaphósda ag teachd; imdhighidh a mach do theagmháil air.
7. Agus sin do eirgheadar na hógha uile, agus do dheasuigheadar a lampuidhe.
8. Agus a dubhradar na hoínmhide an gcuid nglic, Tabhruidh dhúinne cuid da bhur nola; oír a táid ar lampuidhene ar ndul as.
9. Achd do fhreagradar an chuid glic, ag rádin, Ar eagla nach mbiadh ar sáidh aguinn féin agus aguibhsi: imdhighsi ní as táosga chum na gceannuightheadh, agus ceannchuighe ola dhíbh féin.
10. Agus an feadh do bhádar ag dul do cheannach, táinic an fear núaphósda; agus an chuid úd do bhí ullamh, do chúadar leis a sdeach chum an phósda: agus do híadhadh an dorus.
11. Agus na dhíaighsin tángadar na hógha eile mar an gceadna, ag rádh, A Thighearna, a Thighearna, osguil dúinne.
12. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Go fírinneach a deirim ribh, Nach bhfuil a fhios agam cía sibh.
13. Ar a nadhbharsin déanuidh faire, oír ní bhfuil fios an láoi ná na húaire agaibh an a dtiocfuidh Mac an duine.
14. Oír ata ríochd neimhe amhuil as do ghoir duine ag dul a gcoigcrích, a shearbhfhoghantuidhe chuige, agus tug sé a shaidhbhreas dóibh.
15. Agus tug sé cúig tallanna do dhuine aca, agus do dhuine eile a dó, agus a háon do dhuine eile; do ghach neach do réir a acfuinne; agus ar an mball do imthigh sé a gcoigcrích.