9. Ann sin do bhéaruid síad sibhsi dá bhur gcéasadh, agus muirfid sibh: agus bíadh fúath ag na huile chíneadhachuibh dháoibh ar son manmasa.
10. Ann sin do gheabhuid móran adhbhar oilbheime, agus braithfid dáoine a cheile, agus bíaidh fúath aca dhá chéile.
11. Agus éiréochuid mórán dfáidhibh fallsa, agus meallfuid mhórán.
12. Agus do bhrigh go mbía a néagcóir ar na meadughadh, fúairéochuidh carthannachd mhóráin.
13. Achd gidh bé bhías seasmhach go deireadh, a sé shláineochthar.
14. Agus do dhéantar an soisgéulsa na ríoghachda do sheanmóir ar feadh an domhain uile; mar fhíadhnuisi do na huile chineadhachuibh; agus ann sin tiocfuidh an deireadh.
15. Ar a nadhbharsin an tráth do chífidhe adhfhúathmhuireachd an léirsgrios, air ar labhair Dániel fáidh, na seasamh ann sa nionad choisreagth: (tuigeadh, an té léaghas:)
16. Ann sin an luchd bhiás a ttier Iúdaighe teitheadh síad fá na sléibhtibh: