Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 24:49-51 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

49. Agus má thionnsgnann sé a chomhshearbhfhoghantuidhe féin do bhúaladh, agus fós bheith ag ithe agus ag ol a bhfochair luchd meisge;

50. Tiocfuidh tighearna a nógláoich úd ann sa lá nach bhfuil súil aige rís, agus ann sa núair nach bhfuil a fhios aige,

51. Agus roinnfidh sé é, agus do bhéara sé a chuid dó a bhfochair luchd an fhúarchrabhaidh: mar a mbía gul agus gíosgán fíacal.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 24