Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 24:19-33 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

19. Agus budh trúagh do na mnáibh torrcha, agus don luchd do bheir cíche úatha ann sna laithibhsin.

20. Agus guidhidh gan bhur dteitheadh do bheith ann sa ngeimhreadh, na sa tsabhóid:

21. Oír bíadh amhgar mór ann tráthsin, amhail nach raibh ann ó thús an domhain gus a nois, agus nach mbiaigh go bráth.

22. Agus muna ngearruighthi na laéthe úd, ní rachadh féoil ar bith as: achd gearrfuighthear na laéthe úd ar son na ndáoine toghtha.

23. Ann sin ma deir áonduine ribh, Féuch, a tá Críosd ann so, nó ann súd; ná creididh é.

24. Oír eiréochuidh Críosdanna fallsa, agus fáidh fallsa, agus do dheánuid comharthuidhe agus miorbhuile móra; ionnas go meallfuid síad (da madh éidir é) na dáoine toghtha féin.

25. Féuch, tug mé sgéula dháoibh roimhe a naimsir.

26. Ar a nadhbharsin dá nabruid síad ribh, Féuch, a tá sé san bhfásach; na himdhigh amach: Féuch, atá sé a seómruidhibh úaigneacha; na creididh sin.

27. Oír do réir mar thig téinnteach ó a náird shoir, agus do cíthear í go soithe a náird shoir, agus do cíthear í go soithe a náird shíar; mar sin bhías teachd Mhic an duine.

28. Oír gidh bé ball ann a mbía an conablachd, is ann sin chruineochthar na hioluir.

29. Ar an mball ndíaigh trioblóide na laitheadh úd bíaidh an ghrían ar ua dhorchughadh, agus ní thiobhra an ghealach a soillsi úaithe, agus tuitfid na réulta ó neamh, agus craithfidhthear subháilcidhe neimhe.

30. Ann sin do chífidhthear comhartha Mhic an duine ar neamh: agus ann sin caóifid treabha na talmhan uile, agus do chífid Mac an duine ag teachd a néullaibh neimhe maille ré cumhachdaibh agus ré glóir mhóir.

31. Agus cuirfidh sé a aingil le trompa agus lé guth mór, agus cruinneochuid síad a dháoine toghthasan ó na ceithre gáothaibh, ó leithimeal neimhe go soithe an leithimeal eile dhe.

32. Agus foghlomuidh cosamhlachd ón chrann fíge; A núair bhíos a ghéagmáoth, agus fhásas a dhuilleabhair, áitheantar gur ab fogas an samhradh:

33. Mar an gcéadna bíth a fhios agaibhsi, an tráth do chífidhe na neithisi uile, go bhfuil sé a ngar dháoibh, ann sna doirsibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 24