Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 23:3-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Ar a nadhbharsin gach uile ní a déaruid síad ríbh do choimhéad, coimhéaduidh agus déanaidh íad; achd ná déanuidh do réir noibrighthe: oír a deirid síad, agus ni dhéanuid.

4. Oir ceangluid úaluighe troma dóiomchuir, agus cuirid íad ar shlinnéanuibh na ndáoine; gidheadh ní hail léo féin cor do chur dhíobh ré háon da méaruibh.

5. Achd cheana is do chum go bhféachfaidís dáoine órrtha do níd síad a noibrighthe uile: óir do níd said a bhphiolactérighe leathna, agus do níd síad imeal a neaduigheadh taidhbhseach.

6. Agus as ionmhuin léo an céadionad suidhe ann sna féasduidhibh: agus na céadchaithíreacha annsna coimhthionóluibh.

7. Agus fáiltighe dfagháil ar na marguidhibh, agus dáoine do ghairm, Rábbi, Rabbi, dhióbh.

8. Achd ná goirthear Rábbi dhíbhsi: oír is aón Mhaighisdir a tá agaibh, Criósd; agus is dearbhráithreacha dhá chéile sibh féin uile.

9. Agus na goiridh bhur nathair do dhuine ar bith ar talamh: oír is áon Athar a tá agaibh, noch a tá ar neamh.

10. Na goirthear doctúiridhe dhíbh: óir is áon Ndoctúir a tá agaibh, Criósd.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 23