Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 23:26-33 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

26. A Bhphairisínigh dhoíll, glan ar tús an chuid a sdigh don chupan agus don mhéis, do chum go mbiadh an táobh a muigh dhíobh glan mar an gcéadna.

27. Is anáoibhinn dáoibh a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhuarchrabhuidh! oír is cosmhuil sibh ré túamidhibh geala a tá deaghmhaiseach don taóbh a muich, agus a tá a sdígh lán do chnámhaibh dáoine marbh, agus dá gach uile shalchar.

28. Is mar an gcéadna a tátháoisi leith a muich a bhfíadhnuisi na ndáoine bhar bhfíreanchuibh, achd don táobh a sdigh a tátháoi lán dfúarchrábhadh agus déagcoir.

29. Is anáoibhinn dáoibh a sgríobuidhe, agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhuidh! oír do nithí túamuidhe do na fáidhibh, agus deaghmhaisighthí leachduighe na bhfíréanach,

30. Agus a deirthí, Da mbémis ann a láethibh ar naithreach, ní bhémis pairteach ríu a bhfuil na bhfáidheadh:

31. Agus is mar sin do níthí fíadhnuisi bhar naghuidh féin, gur ab sibh clan na muinntire úd do mharbh na fáidhe.

32. Agus líonuidhsi mar an gcéadna miosúr bhar náithreacha féin.

33. A aithreacha neimhe, a shiól na naithreach neimhe, coinnas is éidir libh teitheadh ó dhamnughadh ifeirn?

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 23