Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 23:13-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Achd is anáoibhinn dáoibhsi, a sgriobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhuidh! do bhrígh go ndruigthí rioghachd neimhe rés na ndáoinibh: oír ní théighthí féin a sdeach, agus ní fhuilngthí don luch a tá ag dul a sdeach dul ann.

14. Is anáoibhínn dáoibh, a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhaidh! oír ithtí tíghe na mbaintreabhach, agus sin fós ar sgáth bheith go fada ar urnuighe: ar a shon so do geabhtháoi an breitheamhnus is truime.

15. Is anáoibhinn dáoibh, á sgríobuighe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhuarchrábhaidh! oír gabhtháoi timcheall mara agus tire do chum ndéunadh sibh áonnduine air bhur riaghail féin, agus an tráth bhíos sé déanta, do níthí mac ifeirnn de ní sa mho fá dhó ná dhíbh féin.

16. Is anáoibhinn dáoibh, a thréoruighthe dalla, noch a deir, Gidh bé duine bhéaras an teampoll mar mhionna, ni ní ar bíth é; achd gidh bé bhéaras ór an teampoill mar mhionna, a ta sé cionntach!

17. A dháoine leamha agus dalla: an mó an tór, ná an teampoll náomhas an tór?

18. Agus, Gidh bé duine bhéaras a naltór mar mhionna, ni bhfuil éfeachd ann; achd gidh bé duine bhéaras an tiodhlacadh atá uirrthe mar mhionna, do ní sé coir.

19. A dháoine leamha dalla: an mó a nóthráil, ná a naltóir naomhas nothráil?

20. Ar a nadhbharsin gidh bé bheir a naltóir mar mhionna, do bheir sé í féin, agus gach ní dhá bhfuil uirrthe mar mhionna.

21. Agus gidh bé bhéir an teampoll mar mhionna, do bheir sé é féin, agus an té a tá na chomhnuidhe ann mar mhionna.

22. Agus gidh bé neach do bheir neamh mar mhionna do bheir sé caithír Dé, agus an tí a tá na shuidhe uirrthe mar mhionna.

23. As anáoibhinn dáoibh a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhaidh! oír gabhtháoi deachmhuidh an mhionntais agus na hainíse agus an choimin, agus leigthí tharuibh an chuid is tábhachduigh don dligheadh, comhthrom, agus trocaire, agus firinne: do budh coir dháoibh íad so do dhéanamh, agus gán íad súd dfágbháil gan déanamh.

24. A threoruighthe dall, sgagus an mhíoltóg, agus shluigeas an cámhall.

25. As anáoibhinn dáoibh, a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhaidh! oír glantáoi an chuid a muigh do chupán agus do mhéis, achd a táid síad táobh a sdigh lán do shracaireachd agus déagcóir.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 23