Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 22:32-46 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

32. Is misi Día Abraham, agus Día Isáac, agus Día Iácob? ni hé Día Dia na marbh, achd na mbéo.

33. Agus an tráth do chúaluidh an pobal sin, do ghabh iongnadh iád tré na theagasgan.

34. Agus an tán do chúaladar na Phairisínigh gur chuir sé na Saduisínigh na dtochd, do chruinnigheadar a gceann a chéile.

35. Agus do chuir doctúir dlighe áirighthe dhióbhsan, ceisd air, dá theasdughadh, agus ag rádh,

36. A Mhaighisdir, cía hí a naithne is mó sa dligheadh?

37. Agus a dubhairt Iósa ris, Gráidheóchuidh tú do Thighearna Día léd chroidhe uile, agus léd anam uile, agus léd smuáintiughadh uile.

38. A sí so an chéad aithne, agus a naithne mhór.

39. Agus is cosmhuil an dara háithne ría so, Gráidheóchuidh tú do chomharsa mar thú féin.

40. Is ann sa dá aithnese atá suim an dlighe, agus na bhfáidheadh.

41. Agus an tan do bhádar na Pharisinigh cruinn a bhfochair a cheile, do fhíafruidh Iósa dhíobh,

42. Ag rádh, Créd do chithear dhíbhse a dtimcheall Chriósd? cía dár mhac é? A deiridsean ris, Mac Dháibhí.

43. A deir seisean ríu, Ma seadh cionnas ghoireas Daibhí san spioruid Tighearna dhe, ag rádh,

44. A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearna sa, Suidh ar mo láimh dheis, no go gcuire mé do náimhde na sdol fád chosuibh?

45. Ar a nadhbharsin ma ghoireann Dáibhí Tighearna dhe, cionnas a tá sé na mhac aige?

46. Agus níor bhéidir lé háonnduine freagra ar bith do thabhairt air, agus níor lamh éinneach ón lásin suás ní ar bith dfíafruighe dhe.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 22