Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 22:28-36 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

28. Ar a nadhbharsin ann sa neiséirghe, cía don mhóirsheisear da madh bean í? óir do bhí sí aca uile.

29. Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé ríu, A tá sibh ar seachrán, gan éolus na sgrioptúr, na chúmhachd Dé agaibh.

30. Oír ann sa neiséirghe ní thabhruid fir mná, agus ní tugthar mná dfearaibh, achd a táid síad mar ainglibh Dé ar neamh.

31. Achd a né nach ar léaghabhair an ní a dubhairt Día ribh, a dtimcheall eiséirghe ná marbh, ag rádh,

32. Is misi Día Abraham, agus Día Isáac, agus Día Iácob? ni hé Día Dia na marbh, achd na mbéo.

33. Agus an tráth do chúaluidh an pobal sin, do ghabh iongnadh iád tré na theagasgan.

34. Agus an tán do chúaladar na Phairisínigh gur chuir sé na Saduisínigh na dtochd, do chruinnigheadar a gceann a chéile.

35. Agus do chuir doctúir dlighe áirighthe dhióbhsan, ceisd air, dá theasdughadh, agus ag rádh,

36. A Mhaighisdir, cía hí a naithne is mó sa dligheadh?

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 22