Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 21:40-46 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

40. Ar a nadhbharsin an tráth thiocfas tighearna na fíneamhna, créud do dhéana sé ris na sgológaibh úd?

41. A deiridsean ris, Sgriosfuidh sé go díoghaltach na drochdháoine úd, agus do bhéara sé a fhineamhuin ar chíos do sgológaibh eile, do bhéara na tórtha dhó an a naimsearaibh féin.

42. A deir Iósa ríu, Nar léaghabhair a ríamh ann sna sgrioptúraibh, An chloch do dhiúltadar na sáoir, a si a tá ar ne déanamh na ceann ann sa chúaínne: a sé an Tighearna do rinne so, agus a tá sé iongantach ann ar súilibhne?

43. Ar a nadhbharsin a deirim ribh, Go dtoigéobhthar rioghachd Dé úaibhsi, agus go dtiobharthar í so chineadh bhéara toradh úatha.

44. Agus gidh bé neach thuitfeas ar an gcloichse, brisfithear é: agus giodh bé ar a dtuitfi sí, do dhéana sí mionluaithreadh dhe.

45. Agus an tráth do chúaladar úachdaráin na sagart agus na Phairisinigh an chosmhalachd sin, do aithnigheadar gur ab na dtimcheall féin da labhair sé.

46. Agus an tráth do shantuigheadar breith air, do bhí eagla an phobail orrtha, óir do bhí meas fáidhe aca airsean.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 21