40. Ar a nadhbharsin an tráth thiocfas tighearna na fíneamhna, créud do dhéana sé ris na sgológaibh úd?
41. A deiridsean ris, Sgriosfuidh sé go díoghaltach na drochdháoine úd, agus do bhéara sé a fhineamhuin ar chíos do sgológaibh eile, do bhéara na tórtha dhó an a naimsearaibh féin.
42. A deir Iósa ríu, Nar léaghabhair a ríamh ann sna sgrioptúraibh, An chloch do dhiúltadar na sáoir, a si a tá ar ne déanamh na ceann ann sa chúaínne: a sé an Tighearna do rinne so, agus a tá sé iongantach ann ar súilibhne?
43. Ar a nadhbharsin a deirim ribh, Go dtoigéobhthar rioghachd Dé úaibhsi, agus go dtiobharthar í so chineadh bhéara toradh úatha.