3. Agus má labhrán áon nduine ní ar bith ribh, abruidhsi, Go bhfuil féidhin ag an Dtighearna orrtha; agus léigfidh sé uádh ar an mball íad.
4. Agus táinic so uile chum críche, ionnas go gcoimhlíonfuidthe an ní a dubhradh tres an bhfáidh, a deir,
5. Innisidh dinghin Shion, Féuch, atá do rí ag teachd chugad, go ciúin, ar muin asuil, agus bhromuigh searach a nasail.
6. Agus do imthigheadar na deisciobuil, agus do rinneadar mar do aithin Iósa dhíobh.
7. Agus tugadar an tasail, agus an bromach leó, agus do chuireadar a néaduighe orrtha, agus do chuireadar eisean na shuidhe ar a mhuin.
8. Agus do leathnuigheadar mórán do dháonibh a mbruit ar a tslighe; agus do ghearradar drong eile géaga dó chrannaibh, agus do leagadar ar a tlighe íad.
9. Agus do thógaibh an slúagh do bhí roimhe, agus na dhiáigh, gáir, ag rádh, Hósanna do mhac Dháibhí: Is beannuighthe an té thig a nainm an Tighearna; Hósanna annsna hárdaibh.
10. Agus ag dul Díosa a sdeach go Híarusaléim, do bhí an chathair uile ar na comhmbogadh, ag rádh, Cía he so?
11. Agus a dubhairt an coímhthionól, A sé so Iósa an fáidh ó Násarét na Galilé.