Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 21:2-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

2. Ag rádh ríu, Imdhighidh don bhaile a tá as bhur gcomhair, agus ar an mball do geabhtháoi asal ceanguilte ann, agus searrach na fhochair: sgáoilidh, agus tabhraidh chugamsa íad.

3. Agus má labhrán áon nduine ní ar bith ribh, abruidhsi, Go bhfuil féidhin ag an Dtighearna orrtha; agus léigfidh sé uádh ar an mball íad.

4. Agus táinic so uile chum críche, ionnas go gcoimhlíonfuidthe an ní a dubhradh tres an bhfáidh, a deir,

5. Innisidh dinghin Shion, Féuch, atá do rí ag teachd chugad, go ciúin, ar muin asuil, agus bhromuigh searach a nasail.

6. Agus do imthigheadar na deisciobuil, agus do rinneadar mar do aithin Iósa dhíobh.

7. Agus tugadar an tasail, agus an bromach leó, agus do chuireadar a néaduighe orrtha, agus do chuireadar eisean na shuidhe ar a mhuin.

8. Agus do leathnuigheadar mórán do dháonibh a mbruit ar a tslighe; agus do ghearradar drong eile géaga dó chrannaibh, agus do leagadar ar a tlighe íad.

9. Agus do thógaibh an slúagh do bhí roimhe, agus na dhiáigh, gáir, ag rádh, Hósanna do mhac Dháibhí: Is beannuighthe an té thig a nainm an Tighearna; Hósanna annsna hárdaibh.

10. Agus ag dul Díosa a sdeach go Híarusaléim, do bhí an chathair uile ar na comhmbogadh, ag rádh, Cía he so?

11. Agus a dubhairt an coímhthionól, A sé so Iósa an fáidh ó Násarét na Galilé.

12. Agus do chúaidh Iósa a sdeach go teampoll Dé, agus do theilg sé amach a raibh ag reic agus ceannach annsa teampoll, agus do theilg sé buird luchd malarta a nairgid air lár, agus caithreacha luchd reactha na gcolum,

13. Agus a dubhairt sé ríu, Atá sgríobhtha, Goirfidhthear teach urnuighthe dom theachsa; achd do rinneabhairsi tuinídhe biothamhnach dhe.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 21