Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 21:1-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus an tráth do dhruideadar ré Híarusalem, agus tangadar go Betpháge, go slíabh na noluidheadh, ann sin do chuir Iósa diás deisciobal úadh,

2. Ag rádh ríu, Imdhighidh don bhaile a tá as bhur gcomhair, agus ar an mball do geabhtháoi asal ceanguilte ann, agus searrach na fhochair: sgáoilidh, agus tabhraidh chugamsa íad.

3. Agus má labhrán áon nduine ní ar bith ribh, abruidhsi, Go bhfuil féidhin ag an Dtighearna orrtha; agus léigfidh sé uádh ar an mball íad.

4. Agus táinic so uile chum críche, ionnas go gcoimhlíonfuidthe an ní a dubhradh tres an bhfáidh, a deir,

5. Innisidh dinghin Shion, Féuch, atá do rí ag teachd chugad, go ciúin, ar muin asuil, agus bhromuigh searach a nasail.

6. Agus do imthigheadar na deisciobuil, agus do rinneadar mar do aithin Iósa dhíobh.

7. Agus tugadar an tasail, agus an bromach leó, agus do chuireadar a néaduighe orrtha, agus do chuireadar eisean na shuidhe ar a mhuin.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 21