1. Agus an tráth do dhruideadar ré Híarusalem, agus tangadar go Betpháge, go slíabh na noluidheadh, ann sin do chuir Iósa diás deisciobal úadh,
2. Ag rádh ríu, Imdhighidh don bhaile a tá as bhur gcomhair, agus ar an mball do geabhtháoi asal ceanguilte ann, agus searrach na fhochair: sgáoilidh, agus tabhraidh chugamsa íad.
3. Agus má labhrán áon nduine ní ar bith ribh, abruidhsi, Go bhfuil féidhin ag an Dtighearna orrtha; agus léigfidh sé uádh ar an mball íad.
4. Agus táinic so uile chum críche, ionnas go gcoimhlíonfuidthe an ní a dubhradh tres an bhfáidh, a deir,
5. Innisidh dinghin Shion, Féuch, atá do rí ag teachd chugad, go ciúin, ar muin asuil, agus bhromuigh searach a nasail.