Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 20:5-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. A rís ar nimtheachd a mach dhó timcheall an seiseadh agus an náomhadh húair, do rinne sé mar an gcéadna.

6. Agus ar ndul a mach dhó a dtimcheall an áonmhadh húair déag, fúair sé dream eile na seasamh díomháoineach, agus a deir sé ríu, Créad fá bhfuiltísi bhur seasamh an so feadh an láoi díomháoineach?

7. A deirid siádsan ris, Ar son nar chongaimh duine ar bith ar túarasdal sinn. A deir seisean ríu, Imthighsi mar an gcéadna don fhíneamhain; agus gidh bé ní bhus coir do gheúbhtháoi é.

8. Agus ar dteachd don tráth nóna, a deir tighearna na fíneamhna ré na sdíobhard, Goir an luchd oibre, agus tabhair dhóibh a dtúarasdal, ag tosughadh ón luchd tháinic fa dheireadh, go soithe na céaddáoine.

9. Agus ar dteachd don druing úd tháinic a dtimcheall an áonmhadh húair déag, fúair gach duine dhióbh phighinn.

10. Agus ar dteachd don chéid dreim do sháoileadar go bhfuighedis féin ní budh mhó; ahd cheana fúair gach áon díobh, mar an gcéadna, pighinn.

11. Agus ar na ghlacadh dhóibh, do rinneadar monabhar a naghuidh fhir mhaith an tighe,

12. Ag rádh, An dreamso tháinic fa dheireadh ni dhearnadar obair achd áonúair a mháin, agus do chuirisi íad a gcoimhmheas rinne, diomchuir muiridhin agus teasbhach an láoi.

13. Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé ré fear dhíobh, A chompánuigh, ní bhfuilim ag déanamh éagcóra ortsa: a né nár réidhigh tú ríom ar phighinn?

14. Tógaibh leachd do chuid féin, agus imthigh: a si mo thoilsi a thabhairt don tési tháinic fa dheireadh, mar thug mé dhuitsi.

15. A né nach ceaduigheach dhamhsa an ní is toil leam féin do dhéanamh rém chuid féin? An bhfuil do shúilsi go holc, air son go bhfuilimsi maith?

16. Is mar sin béid na dáoine deighionach air tosach, agus na céad dáoine air deireadh: oir a ta mórán ar na ngairm, agus beagan ar na dtogha.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 20