Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 20:25-34 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

25. Agus ar na ngairm chuige Diósa, a dubhairt sé, Atá a fhios agaibh go bhfuil úachdaránachd agá dtighearnuibh ar na Cineadhachaibh, agus go bhfuilid na dáoine móra trén orrtha.

26. Gidheadh ní mar sin bhías sé eadruibhsi: achd giodh bé neach lé madh mían bheith mór eadruibh, bíodh sé na sheirbhiseach agaibh;

27. Agus giodh bé neach lé nab áill bheith na úachdarán éadruibh, bíodh sé na shearbhfoghantuidhe agaibh:

28. Amháil as nach dtáinic Mac an duine do chum go ndéantáoi seirbhís dhó, achd do dhéanamh seirbhísi, agus do thabhairt anma féin mar éiric ar son mhóráin.

29. Ar ndul a mach dhóibh an tráthsin as Iericó, dó lean slúagh mór éisean.

30. Agus, féuch, días do dháoinibh dalla do bhí na suidhe chois na slighe, an tráth do chúaladar go ráibh Iósa ag gabhail thársa, do éighmheadar, ag radh, Déana trócaire oruinu, a Thighearna, a Mhic Dhábhí.

31. Achd do spreagadar an slúagh íad, do chum go gcoisgfidís: acd cheana is móide do eíghmheadarsan sin, ag rádh, Déana trócaire oruinn, a Thighearna, a Mhic Dhábhí.

32. Agus ar seasamh Diósa, do ghóir sé íad, agus a dubhairt se, Cred is áill libh dhamhsa do dhéanamh dháoibh?

33. A deiridsean ris, A Thighearna, ar súile dosgladh.

34. Agus do ghabh trúaighe Iósa dhóibh, agus do bhean sé ré na súilibh: agus taínic radharc da súilibh ar an mball, agus do leanadar eisean.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 20