1. Oir is cosmhuil an ríoghachd neamhdha ré fear tighe áirighthe, do chúaidh a mach lé héirghe an láoi do chur luchd oibre ar túarasdal ann fhineamhuin.
2. Agus tar éis réidhighe ris an luchd oibre ar phighinn sa ló, do chuir sé ann a fhíneamhain íad.
3. Agus ar ndul a mach dhó timcheall an treas úair, do chonnarc sé droag eile díomháoineach na seasamh ar an margadh,
4. Agus a dubhairt sé ríu: Imdhighsi leis don fhíneamhuin, agus gidh bé ní bhús ceart do bhéara mé dhíbh é. Agus do imdhigheadarsan.
5. A rís ar nimtheachd a mach dhó timcheall an seiseadh agus an náomhadh húair, do rinne sé mar an gcéadna.
6. Agus ar ndul a mach dhó a dtimcheall an áonmhadh húair déag, fúair sé dream eile na seasamh díomháoineach, agus a deir sé ríu, Créad fá bhfuiltísi bhur seasamh an so feadh an láoi díomháoineach?
7. A deirid siádsan ris, Ar son nar chongaimh duine ar bith ar túarasdal sinn. A deir seisean ríu, Imthighsi mar an gcéadna don fhíneamhain; agus gidh bé ní bhus coir do gheúbhtháoi é.
8. Agus ar dteachd don tráth nóna, a deir tighearna na fíneamhna ré na sdíobhard, Goir an luchd oibre, agus tabhair dhóibh a dtúarasdal, ag tosughadh ón luchd tháinic fa dheireadh, go soithe na céaddáoine.
9. Agus ar dteachd don druing úd tháinic a dtimcheall an áonmhadh húair déag, fúair gach duine dhióbh phighinn.
10. Agus ar dteachd don chéid dreim do sháoileadar go bhfuighedis féin ní budh mhó; ahd cheana fúair gach áon díobh, mar an gcéadna, pighinn.
11. Agus ar na ghlacadh dhóibh, do rinneadar monabhar a naghuidh fhir mhaith an tighe,
12. Ag rádh, An dreamso tháinic fa dheireadh ni dhearnadar obair achd áonúair a mháin, agus do chuirisi íad a gcoimhmheas rinne, diomchuir muiridhin agus teasbhach an láoi.
13. Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé ré fear dhíobh, A chompánuigh, ní bhfuilim ag déanamh éagcóra ortsa: a né nár réidhigh tú ríom ar phighinn?