Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 2:2-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

2. Ag rádh, Ga háit iona bhfuil an Rí úd na Niúduigheadh atá ar na bhreith? óir do chunncamaírne a réalt san aire shoir, agus tangamar dá onórughadh.

3. Achd an tráth do chuálaidh an rí Ioruath sín, do bhí sé ar na bhúaidhreadh, agus Iárusaleim uile maille ris.

4. Agus ar gcruinniughadh úachdarán na sagart uile dhó agus sgriobuidheagh an phubail, do fhíafruigh sé dhióbh, Cía a náit ann a mbéartháoi Chriosd.

5. Agus a dubhradarsan rís, A Mbeitleem thíre Iúdaighe: óir is mar so atá sé sgriobhtha ag an bhfaigh,

6. Agus tusa a Bhetleem, talamh Iúda, ní tú is Iugha eidir dhúibhcidhibh Iúdah: óir is asad thiocfas an Duibhce, sdúireóchus mo phubal Israel.

7. Agus an sinn do ghoir Iorúaith, na dráoithe ós íseal chuige, agus do fhíafruigh sé dhíobh go rougher cía a naimsear ionar foillsigheadh an réult.

8. Agus agá gcur go Beitleem dhó, a dubhairt sé, Imthige agus iárruigh an náoidhe go díthchiollach; agus tar eís a fhaghala dháoibh, innisigh dhamsa é, do chum go rachainnsi féin agus go dtiobhruinn onóir dhó.

9. Agus ar gcuinsin an rígh dhóibh do imthigheadar; agus, féuch, an réult, do chunncadar sa náird shoir, do chuáidh sé rompa, no go dtaínic sé agus gur chomhnuigh sé ós cionn a nionuid ann a raibh an náoidheanán.

10. Agus ar bhfaicsin na réilte dhóibh, do ghabh gáird gáirdeachus romhór iád.

11. Agus ar ndul a steach don tigh, fúaradar an náoidhe a bhfochair a mharthar Muire, agus ag tuitiom síos, do onóruigheadar é: agus an nosgladh a gcisdeagh, thugadar tiodhluicthe dhó: ór, agus túis agus mirr.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 2