Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 2:11-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Agus ar ndul a steach don tigh, fúaradar an náoidhe a bhfochair a mharthar Muire, agus ag tuitiom síos, do onóruigheadar é: agus an nosgladh a gcisdeagh, thugadar tiodhluicthe dhó: ór, agus túis agus mirr.

12. Agus ar bhfagháil teaguisg ó Dhía a naisling gan casadh dionsuighe Iorúaith, do fhilleadar a slighe eile da dtir féin.

13. Agus ar nimtheachd air a nais doibh, feach, do toibhreadh aingeal an Tighearna a mbrionglóid do Ióseph, ag radh, Eirigh ngus gabh anáoidheanán agus a mhathair chugad, agus teith do Néigipt, agus bi ann sin no go Iabhruidh misi riot: óir íarrfuidh Iorúaith an náoidhe do chum a mhillte.

14. Agus ar néirghe dhósan, do ghabh sé an náoidhe chuige agus a mathair ann sa noidhche, agus do imthigh sé do Néigipt:

15. Agus do bhí se ann sin go bás Iorúaith: do chum go gcoimhlíonfuighthe an ní a dubhairt an Tighearna leis an bhfaigh, a deir, Do ghoir mé mo mhac as a Néigipt.

16. Ann sín an tan do chonnairc Iorúaith, go ndearnadar na dráoithe fonómhad faoi, do las sé lé feirg, agus ar gcur úadh, do mharbh sé a raibh do leanbaibh-fear a Mbetleem, agus ann a teórannaibh uile, ó áois dhá mblíadhan nó fáoi, do reír na haimsire dfoghluim sé go dithchiollach ó na dráoithibh.

17. Is annsin do coimhliónadh an ní, a dubhairt Ieremías an fáigh, a deir,

18. Do chlos gurh a Ráma, cáoí, agus gul, agus úallfurtach romhór, Rachel a cáoineadh a cloinne, agus níor bháil le sólás do ghlacadh, tré nach rabhadar.

19. Agus an tan fúair Iorúaith bás, féuch, do toibhreadh aingeall an Tighearna a mbriónglóid do Ióseph sa Néigipt.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 2