Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 19:4-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, A ne nar léaghabhair, an té do chruthuighe íad ó thus gur fear agus bean do rinne sé íad,

5. Agus go ndubhairt sé, Ar a nadhbharsafúigfidh duine a athair agus a mhathair, agus ceangalfuidh sé dhá mhnáoi: agus béid a ráon na neinfhéoil a mhain?

6. Ar a nadhbharsin ní bhfuilid feasda na ndís, achd na néinfhéoil. Uime sin an ní do cheanguil Díam ná sgáoileadh duine é.

7. A dubhradarsan ris, Máseadh créd far aithin Máoisi leitir dhealuighthe do thabhairt, agus ise do léigean?

8. A deir seisean riu, Do fhuluing Máosi dháoibhsi ar son cruáis bhur gcroidheadh bhur mná do léigean: achd cheana ní mar sin do bhí se ó thus.

9. Achd a deirimsi ribh, Gidh bé neach léigfead a bhean, achd ar so striopachuis, agus do phosas bean eile, go ndéanann sé adhaltrannas: agus gidh bé phósas an bhean do légeadh go ndéanann sé adhaltrannas.

10. A deirid a dheisciobuil risean, Ma sé sin is cor don fhior ré na mhnáoi, ní maith an posadh ré a dhéanamh

11. Achd a dubhairt seisean ríu, Ní hé gach áonduine ghabhus an glórsa, achd an dream dár tugadh é.

12. Oir a táid dáoine coillte noch a rugadh mar sin as broinn a mathar: agus a taíd cailltéanuigh, a gar bheanadar daóine asda: agus a táid cailltéanuigh, do bhean asda féin ar son na rióghachda neamhdha. Gidh bé fhéadus a ghabháil chuige, gabhadh.

13. Tugadh chuige an tráthsin leinibh beagam, do chum go gcuirfeadh sé a lámha orrtha, agus go ndéanadh sé urnuighe: agus do spreagadar na deisciobuil íad.

14. Agus a dubhairt Iosa, Fuilngidh do na leanbaibh, agus na bacuidh dhióbh, teachd chugamsa: oír is lé na leithéidibh sin rioghachd neimhe.

15. Agus tar éis a lámha do chur ortha, do imthigh sé as sin.

16. Agus, féuch, a dubhairt neach áirighthe ag teachd chuige ris, A Mhaighisdir mhaith, créd í an mhaith do dhéana mé, do chum go bhfuighinn an bheatha mharthanach?

17. Agus a dubhairt seisean ris, Créd fá a ngóireann tu maith dhíomsa? ní bhfuil éinneach maith ach amháin, Día: achd mas mían leachd dul chum na beatha, eoimhéd na haitheanta.

18. A deir seisean ris, Cía bíad? agus a dubhairt Iósa, Ní dhéana tú dúnmharbhadh, Ní dheana tú adhaltrannas, Ní dhéana tú gaduidheachd, ní dhéana tú fiadhnuisi bréige.

19. Onóruigh hathair agus do mhathair: agus, Grádhuigh do chomharsa mar thú féin.

20. A deir an tógánach ris, Do choimhéd mé na neitheisi uile ó moíge: créd a tá duireasbhuidh oram fós?

21. A dubhairt Iósa ris, Mas áill leachd bheith diongmhala, imthigh reac a bhfuil agad, agus tabhair do na bochduibh é, agus do gheabha tu ionnmhas ar neamh, agus tarr, lean misi.

22. Agus an tráth dó chúaluidh an tógánach an comhradhsin, do imthigh sé go dobhrónach: oír do bhí iomad saidbhris aige.

23. Agus a dubhairt Iósa ré na dheisciobluibh, A deirim ribh go fírinneach, gur ab docomhlach rachas duine saidhbhir a steach a ríoghachd neimhe.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 19