Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 19:26-30 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

26. Agus ar bhféachain Diósa orrtha a dubhairt sé ríu, Ní bhfuil so ar chumas do na dáoinibh: achd a tá gach uile ní ar chumas do Dhía

27. Ar bhfreagra do Pheadar an tráthsin, a dubhairt sé ris, Féuch, do thrégeamairna gach uile ní, agus do leanamar thusa; ar a nadhbharsin créd do gheabham?

28. Agus a dubhairt Iósa riu, A deirimsi ribh go deimhin, An tráth shuidhfeas Mac an duine a gcaithír a ghlóire féin, go suidhfidh sibhse, do lean misi ann sa naithgheineamhuin mar an gcéadna ar dhá chaithir dhéag, ag breith breithe ar dhá threibh dhéag Israel.

29. Agus gidh bé neach do thréig tighthe, nó dearbhráithreacha, nó deirbhsheathracha, nó athair, nó mathair, nó bean, nó clan, nó dúthuidh ar son manmasa, do gheabha sé a chead oirid, agus an bheatha mharthanach mar oidhreachd.

30. Achd a tá mórán ar tosachd bhiás fa dheireadh; agus fa dheireadh bhiás ar tosach.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 19