Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 19:11-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Achd a dubhairt seisean ríu, Ní hé gach áonduine ghabhus an glórsa, achd an dream dár tugadh é.

12. Oir a táid dáoine coillte noch a rugadh mar sin as broinn a mathar: agus a taíd cailltéanuigh, a gar bheanadar daóine asda: agus a táid cailltéanuigh, do bhean asda féin ar son na rióghachda neamhdha. Gidh bé fhéadus a ghabháil chuige, gabhadh.

13. Tugadh chuige an tráthsin leinibh beagam, do chum go gcuirfeadh sé a lámha orrtha, agus go ndéanadh sé urnuighe: agus do spreagadar na deisciobuil íad.

14. Agus a dubhairt Iosa, Fuilngidh do na leanbaibh, agus na bacuidh dhióbh, teachd chugamsa: oír is lé na leithéidibh sin rioghachd neimhe.

15. Agus tar éis a lámha do chur ortha, do imthigh sé as sin.

16. Agus, féuch, a dubhairt neach áirighthe ag teachd chuige ris, A Mhaighisdir mhaith, créd í an mhaith do dhéana mé, do chum go bhfuighinn an bheatha mharthanach?

17. Agus a dubhairt seisean ris, Créd fá a ngóireann tu maith dhíomsa? ní bhfuil éinneach maith ach amháin, Día: achd mas mían leachd dul chum na beatha, eoimhéd na haitheanta.

18. A deir seisean ris, Cía bíad? agus a dubhairt Iósa, Ní dhéana tú dúnmharbhadh, Ní dheana tú adhaltrannas, Ní dhéana tú gaduidheachd, ní dhéana tú fiadhnuisi bréige.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 19