1. Agus tarla, an tráth do chriochnuigh Iósa na comhraítesi, gur sgáoil sé on Ghalilé, agus táinic sé go críochuibh Iúdéa tar Iórdan;
2. Agus do lean cuideachda mhór é; agus do shlánuigh sé íad ann sin.
3. Tangadar na Pharisínigh chuige an tráthsin, do chur cathuigh air, agus ag rádh ris, An ceaduightheach do dhuine a bhean do léigean trí gach uile adhbhar?
4. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, A ne nar léaghabhair, an té do chruthuighe íad ó thus gur fear agus bean do rinne sé íad,
5. Agus go ndubhairt sé, Ar a nadhbharsafúigfidh duine a athair agus a mhathair, agus ceangalfuidh sé dhá mhnáoi: agus béid a ráon na neinfhéoil a mhain?
6. Ar a nadhbharsin ní bhfuilid feasda na ndís, achd na néinfhéoil. Uime sin an ní do cheanguil Díam ná sgáoileadh duine é.
7. A dubhradarsan ris, Máseadh créd far aithin Máoisi leitir dhealuighthe do thabhairt, agus ise do léigean?
8. A deir seisean riu, Do fhuluing Máosi dháoibhsi ar son cruáis bhur gcroidheadh bhur mná do léigean: achd cheana ní mar sin do bhí se ó thus.