Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 19:1-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus tarla, an tráth do chriochnuigh Iósa na comhraítesi, gur sgáoil sé on Ghalilé, agus táinic sé go críochuibh Iúdéa tar Iórdan;

2. Agus do lean cuideachda mhór é; agus do shlánuigh sé íad ann sin.

3. Tangadar na Pharisínigh chuige an tráthsin, do chur cathuigh air, agus ag rádh ris, An ceaduightheach do dhuine a bhean do léigean trí gach uile adhbhar?

4. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, A ne nar léaghabhair, an té do chruthuighe íad ó thus gur fear agus bean do rinne sé íad,

5. Agus go ndubhairt sé, Ar a nadhbharsafúigfidh duine a athair agus a mhathair, agus ceangalfuidh sé dhá mhnáoi: agus béid a ráon na neinfhéoil a mhain?

6. Ar a nadhbharsin ní bhfuilid feasda na ndís, achd na néinfhéoil. Uime sin an ní do cheanguil Díam ná sgáoileadh duine é.

7. A dubhradarsan ris, Máseadh créd far aithin Máoisi leitir dhealuighthe do thabhairt, agus ise do léigean?

8. A deir seisean riu, Do fhuluing Máosi dháoibhsi ar son cruáis bhur gcroidheadh bhur mná do léigean: achd cheana ní mar sin do bhí se ó thus.

9. Achd a deirimsi ribh, Gidh bé neach léigfead a bhean, achd ar so striopachuis, agus do phosas bean eile, go ndéanann sé adhaltrannas: agus gidh bé phósas an bhean do légeadh go ndéanann sé adhaltrannas.

10. A deirid a dheisciobuil risean, Ma sé sin is cor don fhior ré na mhnáoi, ní maith an posadh ré a dhéanamh

11. Achd a dubhairt seisean ríu, Ní hé gach áonduine ghabhus an glórsa, achd an dream dár tugadh é.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 19