Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 17:24-27 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

24. Agus ar dteachd dhóibh go Capernáum, tangadar luchd na cióschána do ghlacadh go Peadar, agus a dubhradar, Nach íocann bhur maighisdirsi an cióscháin?

25. A deir seisean, Iócuidh. Agus an tráth do chúaidh sé a sdeach don tigh, do labhair Iósa risean ar tús, ag rádh, Créd í do bharamhuilsi, a Shímóin? cía ar a dtógbhuid ríghthe na talman cios nó cánáchas? an ó ná gcloinn féin, nó ó choimhthighe?

26. A deir Peadar ris, O choimhthighe. A dubhairt Iósa ris, Ar a nadhbharsin atáid an chlann sáor.

27. Achd ionnas, nach dtiobhramáois oilbhéim dhóibh, imthighsi chum na fáirge, agus teilg innte dubhán, agus tóg an cédiasg thiocfas a nios; agus ar nosgladh a bhéuil, do gheabha tú piósa airgid: glac sin, agus tabhair dhóibh é ar mo shonsa agus ar do shon féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 17