Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 16:8-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Agus ar an thuigsin sin Diósa, a dubhairt sé ríu, O luchd an chreidimh bhig, créd fá a dtagartháoi eadraibh féin, gur ab ar son nach dtugabhair arán libh?

9. A né nach dtuígthí fós, no nach ccuimhnighthí na cúig aráin na gcúig mhíle fear, agus ga mhéd clíabh do thógabhair?

10. Nó na seachd naráin na gceithre mhíle fear, agus ga mhéd clíabh do thógabhair?

11. Cionnas nach ttuigthí nach a dtimcheall aráin a dubhairt mé ribh, bhur naire do thabhairt dháoibh ar laibhin na Bhphairisíneach, agus na Saduichineach?

12. Ann sin do thuigiodar cionnas nach díarradh orra aire do thabhairt dóibh ar loibhín an aráin, achd ar theagasc na Bhphairisineach, agus na Saduichineach.

13. Agus ar dteachd Diósa go críochaibh Shesárea Philippí, do fhíafruidh sé dá dheisciobluibh, ag rádh, Créd a deir na dáoine, cía misi Mac an duine?

14. Agus a dubhradarsan, A deirid cuid dhíobh gur ab tú Eóin Baisde: agus cuid eile, Elías; agus cuid eile, Ieremias, nó áon do na faidhibh.

15. A deir seisean ríu, Achd créd a deir sibhsi cía mé?

16. Agus ar bhfreagra do Shímón Peadar a dubhairt sé, Is tusa Criósd, Mac Dé bhí.

17. Agus ar bhfreagra Diósa an tráthsin a dubhairt sé ris: As beannuighthe thú, a Shímoin mhic Ióna: óir ní féoil ná fuil do fhoillsigh sin duit, achd Mathairsi a tá air neamh.

18. Agus a deirimsi riot, Gur ab tusa Peadar, agus gur ab ar an gcarruicsi thóigeabhus misi méagluis féin; agus nach béaruid geatuidhe ifeirn búaidh uirrthe.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 16