Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 16:13-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Agus ar dteachd Diósa go críochaibh Shesárea Philippí, do fhíafruidh sé dá dheisciobluibh, ag rádh, Créd a deir na dáoine, cía misi Mac an duine?

14. Agus a dubhradarsan, A deirid cuid dhíobh gur ab tú Eóin Baisde: agus cuid eile, Elías; agus cuid eile, Ieremias, nó áon do na faidhibh.

15. A deir seisean ríu, Achd créd a deir sibhsi cía mé?

16. Agus ar bhfreagra do Shímón Peadar a dubhairt sé, Is tusa Criósd, Mac Dé bhí.

17. Agus ar bhfreagra Diósa an tráthsin a dubhairt sé ris: As beannuighthe thú, a Shímoin mhic Ióna: óir ní féoil ná fuil do fhoillsigh sin duit, achd Mathairsi a tá air neamh.

18. Agus a deirimsi riot, Gur ab tusa Peadar, agus gur ab ar an gcarruicsi thóigeabhus misi méagluis féin; agus nach béaruid geatuidhe ifeirn búaidh uirrthe.

19. Agus do bhéara me dhuit eochracha na ríoghachda neamhdha: agus giodh bé ní cheingéolus tú ar talamh biáidh sé ceanguilte ar neamh: agus giodh bé ní sgáoilfeas tú ar talamh, biáidh sé sgáoilte ar neamh.

20. Ann sin do aithin sé dá dheisciobluibh gan innisin déin neach gur bhé féin Iósa Criosd.

21. O a núairsin amach do thionnsgain Iosa a fhoillseaghadh dhá dheisciobluibh, gur ab éigin dó dhul go Híarusaleim, agus mórán dfulang ó na seinnsearuibh agus ó úachdaránaibh na sagart agus ó na sgriobuidhibh, agus bás dfulang, agus eiséirghe an treas lá.

22. Achd do ghabh Peadar é, agus do thionnsgain sé achmhusan do thabhairt dó, ag rádh, A bhfad uaidse sin, a Thighearna: ní theigeomha so dhuitse.

23. Achd ar gcasadh dhósan, a dubhairt sé ré Peadar, Imthigh am dhiaigh, a Shátain: is scannail dhamh thú: oir ní thuigeann tú na neithe bheanas ré Diá, achd na neithe bheanas ré dáoinibh.

24. A dubhairt Iósa an tansin ré na dheisciobluibh, Más áill le neach teachd am dhiaghsi, díultadh sé dhó fein, agus tóghadh sé a chros, agus leanadh se misi.

25. Oír gidh bé neach lé nab mían a anam féin do chumhdach caillfidh sé é: agus gidh bé neach chaillfeas a anam arm o shonsa do gheabha sé é.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 16