Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 16:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus ag teachd do na Pharisineachaibh agus do na Sadduichíneachuibh, a cur cathuighthe air do iárradar air comhartha do thaisbéanadh ó neamh dhóibh.

2. Agus ar bhfreaga dhósan a dubhairt sé ríu, An tráth thig deireadh an láoi, a deartháoi, Bíaidh sé na shoininn: óir a tá an taiér dearg.

3. Agus ar maidin, bíaidh drochaimsear ann a níu: oír a tá an taier ag deargadh agus ag dorchughadh. A luchd an fhúarchrábhaigh, is éol dáoibh gnúis a naier do bhreathnughadh; achd a né nach édir libh comharthuidhe na naimsearach do thuigsin?

4. Iárraidh an droichchineadh adhaltrannach comhartha; agus ní tiobharthar comhartha dhó, achd comhartha Iónás an fáidh, agus ar ndealughadh ríu, do imthigh sé.

5. Agus an tráth thangadar a dheisciobail a dtir ann sa phort thall, do dhearmadar arán do bhreith léo.

6. Agus a dubhairt Iosa ríu, Tabhruidh dá bhur naire agus coimhheaduigh sibh ó laibhín na Bhphairisíneach agus na Saduichineach.

7. Agus do thagradarsin eatorra féin, ag rádh, Is ar son nach dtugamar arán linn.

8. Agus ar an thuigsin sin Diósa, a dubhairt sé ríu, O luchd an chreidimh bhig, créd fá a dtagartháoi eadraibh féin, gur ab ar son nach dtugabhair arán libh?

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 16