Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil XV

Gur bé peacadh do shalachas duine, 21 agus gu bfuáir greim dhaingion chreidimh na mná ó Chanaan, a hiarratus di.

1. Ann sin tigid sgríobuighe agus Phairisínigh ó Ierusalem, go Hiósa, ag radh,

2. Créd fá a sáruighid do dheisciobailsi gnáthughadh na sinnsear? Oír ní ionnluid said a lámha a núair ithid arán.

3. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, Créd fá sáruigheann sibhsi leis aithne Dé lé bhur ngnáthughadh féin?

4. Oír tug Día áithne, ag radh, Onóruigh hathair agus do mhathair: agus, Giodh bé mhalluigheas a athair nó a mhathair, cuirthear chum báis é.

5. Achd a dheartháoisi, Giodh bé neach a déara re na athair nó ré na mathair, Gach tabhartus dá dtuguimsi uaim, rachaidh sé a dtarbha dhuitsi;

6. Agus ni onórfuidh sé a athair nó a mhaithair. Agus mar sin do chuireabhair a neimhbhrigh aithne Dé tré bhur ngnáthughadh féin.

7. A luchd an fhúarchrábhaidh, is maith do rinne Esaías fáigheadóireachd bhur dtimcheall, ag rádh,

8. Druididh an pubalsa leamsa lé na mbéul, agus onóruighid me lé na bpusuibh; achd cheana is fada úaim atá a gcroidhe.

9. Achd is a ndíomháineas onóruighid said misi, ag teagasg aitheanta na ndáoine mar theagasg.

10. Agus ar ngairm an tslóigh, a dubhairt sé ríu, Eisdigh, agus tuigidh:

11. Ní hé an ní théid a sdeach ann sa mbéul shaluigheas an duine; achd an ní thig as an mbeul, a sé so shaluigheas an duine.

12. Ann sin thangadar a dheisciobuil, agus a dubhadar ris, A né nach dtuigeann tú go bhfúaradar na Pharisínigh do chúala an glórsa, oilbhéim ann?

13. Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, Gach uile phlanda, nach ar chuir Mathair neamhdhasa, beanfuighthear as a fhréamhach é.

14. Léigidh dhóibh féin: is éoluighthe dalla a gcionn dall íad. Agus ma thréoruigheann dall dall éile, tuitfid a raon sa díg.

15. Agus ar bhfreagra do Pheadar a dubhairt sé ris, Mínigh dhúinne an chosamhlachdsin.

16. Agus a dubhairt Iósa, An bhfuiltísi leis fós ainbhfeasach?

17. A ne nach dtuigthísi fósm giodh bé ní theid a sdeach ann sa mbéul, go dtéid se sa mbolg, agus go dteilgthear as sin don chamra é?

18. Achd na neither theid a mach as an mbéal is as an gcroidhe thigid siad; agus is siad sin shaluigheas an duine.

19. Oír as an gcroidhe thigid na drochsmuaintighthe, dúnmarbhadh, adhaltrannas, stríopachas, gaduidheachd fíaghnuisighe bréige, blaisphemighe:

20. Is íadso na neither shalchas an duine: achd bíadh dithe lé lámhuibh gan ionnladh ní shaluigheann sé an duine.

21. Agus ar ndul Diósa as sin, do chúaidh sé go leithimlibh Thírus agus Shídon.

22. Agus, féuch, tháinic bean do Chánaan ó na crióchaibh sin, agus do éigh si, ag rádh ris, Déana trócaire oram, a Thighearna, a mhic Daibhí; a tá mhinghean ar na búaidhreadh go mór ó dheamhan.

23. Achd ní thug seisean freagra ar bith uirthe. Agus tangadar a dheisciobail chuige agus do iárradar air, ag rádh, Cuir úainn í; oír a tá sí ag eíghmhe ar ndíaigh.

24. Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, Niór cureadh misi achd do chum cáorach thighe Israel do chúaidh ar seachrán.

25. Gidheadh tháinic sisi agus do rinne sí sléachdain dó, ag rádh, A Thighearna, foir orum.

26. Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, Ní coir arán na cloinne do ghlacadh, agus do theilgean chum na ngádhar.

27. Achd a dubhairt sisi, Is fíor sin, a Thighearna: gidheadh fós ithid no coilén cuid don shrúighleach thuiteas ó bhórd a dtíghearnadh féin.

28. Ar bhfreagra Diósa an tansin, a dubhairt sé ría, O a bhean, is mór do chreideamh: teagmhadh dhuit mar is toil leachd. Agus do bhí a hinghean slán ó a núairsin a mach.

29. Agus ar nimtheachd Diósa as sin tháinic sé láimh ré fairrge na Gaililee; agus an tan do chúaidh sé súas ar shliabh, do shuidh sé ann.

30. Agus do chúadar slúaighte móra chuige, agá rábhadar bacuigh, doill, balbháin, dáoine ciorthuimeacha, agus móran eile, agus do thellgeadar fá chosaibh Iósa íad; agus do shlánaigh sé íad:

31. Ionnas gur ghabh iongantus an slúagh, an tan do chonncadar na balbháin ag labhairt, agus na dáoine ciorthuimeacha slán, na bacaigh ag siobhal, agus a radharc ag na dallaibh: agus tugadar gloír do Dhía Israel.

32. Agus ar ngairm a dheisciobal chuige Diósa, a dubhairt sé, A tá trúaighe agam don tslúagh, oir do fhanadar a nois ré trí lá am fhocair, agus ni bhfuil ní acá do iósaidis: agus ni hail leam a leígean úaim na dtrosgadh, deagla go racháidis a nanbhfainne ar a tslighe.

33. Agus a deirid a dheisciobail ris, Cía a naít as a bhfuigheamáois ar an bhfasach a noireadsin darán, lé a saíseóchamáois a chomhmór do shlúagh?

34. Agus a deir Iósa ríusan, Gá mhéad arán a tá agaibh? Agus a dubhradarsan, A seachd, agus beagan diásgaibh beaga.

35. Agus do aithin seisean do tslúagh suidhe siós ar an dtalamh.

36. Agus ar nglacadh na seachd narán agus na níasgsin dó, ag tabhairt buidheachais, do bhris sé íad, agus thug sé dhá dheisciobluibh, agus tugadar na deisciobail don tslúagh íad.

37. Agus do itheadar uile ní, agus do sasuigheadh iád: agus do thógbhadar lán seachd gclíabh dfuigheall do bhiádh bhrisde.

38. Agus do bhádar an luchd a dúaidh é ceithre mhíle fear, leith a muigh do mhnáibh agus do leanbaibh.

39. Agus ar léigean an tslúaigh úadh, do chúaidh sé a luing, agus taínic sé go leithimlibh Mhagdala.