Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 14:6-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Agus an tan do bhí sóllamain an láoi ann a rughaidh Iorúaith dá dhéanamh, do rinne ínghean Heródias damhsa na fhíadhnuisi, agus do thaitin sí ré Hiorúaith:

7. Ionnas gur gheall sé maille lé mionaíbh go dtiobhradh sé dhí giodh be ar bhith ní do íarrfadh sí.

8. Agus air bhfagháil teagaísg ó ná mathair dhisi, a dubhairt sí, Tabhair dhamh ann so ceann Eóin Baisde air mhéis.

9. Agus do ghabh doilgheas an rí: achd ar son a mhionna, agus ná muinntire do bhí na suidhe ná chuibhreann, do áithin sé a thabhairt di.

10. Agus ar gcur fhir dícheanta úadh, do bhean sé a cheann Déoin ann sa phríosún.

11. Agus tugadh a cheann air mheis, agus tugadh do chailín é: agus tug sisi dá mathair é.

12. Agus tangadar a dheisciobáil an tansin, agus rugadar chorp léo, agus do adhlacadar é, agus tangadar agus do mniseadar sin Díosa.

13. Agus an tan do chúlaidh Iósa so, do chúaidh sé as sin a luing a nionad fhásamhail air leith: agus an tan do chúalaidh an pubal sin, do leanadar dá gcois é ó na caithreachaibh

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 14