Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 14:4-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Oír a dubhair Eóin ris. Ní dlightheach dhúít a beith agad.

5. Agus an tan do budh mhían leis a chur chum báis, do bhí eagla an phubal air, óir do bhí meas fáidhe aca air Eóin.

6. Agus an tan do bhí sóllamain an láoi ann a rughaidh Iorúaith dá dhéanamh, do rinne ínghean Heródias damhsa na fhíadhnuisi, agus do thaitin sí ré Hiorúaith:

7. Ionnas gur gheall sé maille lé mionaíbh go dtiobhradh sé dhí giodh be ar bhith ní do íarrfadh sí.

8. Agus air bhfagháil teagaísg ó ná mathair dhisi, a dubhairt sí, Tabhair dhamh ann so ceann Eóin Baisde air mhéis.

9. Agus do ghabh doilgheas an rí: achd ar son a mhionna, agus ná muinntire do bhí na suidhe ná chuibhreann, do áithin sé a thabhairt di.

10. Agus ar gcur fhir dícheanta úadh, do bhean sé a cheann Déoin ann sa phríosún.

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 14